View Full Version: €600 ar dhíolúine ón nGaeilge

admin2 >>Gaeilge and Culture >>€600 ar dhíolúine ón nGaeilge


Cael- 03-11-2008
€600 ar dhíolúine ón nGaeilge
€600 ar dhíolúine ón nGaeilge Márta 09 2008 Tá imní léirithe ag Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus Leas-Phríomhoidí go bhfuil tuismitheoirí ag íoc €600 ar mheasúnú síceolaíochta díreach ar mhaithe le díolúine ó staidéar na Gaeilge a fháil dá leanaí. Dar le síceolaithe a labhair le Foinse an tseachtain seo caite, gur lúb ar lár i gcóras maoirseoireachta na Roinne Oideachais is cúis leis an mí-úsáid atá á baint as an díolúine a thugtar do scoláirí áirithe gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tháinig eolas chun solais an tseachtain seo caite go mbíonn duine as gach beirt atá faoi mhíchumas foghlamtha agus a fhaigheann díolúine ó bheith ag staidéar na Gaeilge ag staidéar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad. Dúirt Clive Byrne, Stiúrthóir Chumann Náisiúnta na bPríobhoidí agus na leas-Phríomhoidí gur léir dó go mbíonn cásanna ann ina n-íocann tuismitheoirí suas le €600 ar mheasúnú síceolaíochta díreach le díolúine ón nGaeilge a fháil dá leanaí. “Dealraíonn sé go bhfuil rátaí dochreidte ard disléicse in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile. Tá bunús le formhór na gcásanna ach táim cinnte go bhfuil amhras i dtaobh chuid acu. I gcásanna áirithe, agus seo an áit a dtagann an feiniméan méanaicmeach isteach sa scéal, braitheann daoine, má tá siad ag íoc €500 nó €600 ar mheasúnú síceolaíochta go bhfuil siad i dteideal an toradh a theastaíonn uathu a fháil,” a dúírt an tUasal Clive Byrne. Taispeánann figiúirí nua go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar líon na ndaltaí nach bhfuil orthu Gaeilge a dhéanamh do scrúdú na hArdteistiméireachta le trí bliana anuas. Ní raibh ar 11,871 dalta Gaeilge a dhéanamh san Ardteist sa bhliain 2006 de bharr míchumas foghlama a bhí dearbaithe ag síceolaí. Ach astu sin ar fad a raibh míchumas orthu i leith na Gaeilge, bhí níos mó ná leath acu a rinne staidéar ar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad – Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis cuir i gcás – san Ardteist. De réir na bhfigiúirí a scaoil an Roinn Oideachais chuig Nuacht TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 6,341 dalta le míchumas san iomlán a rinne staidéar ar theanga eile ainneoin é a bheith dearbaithe ag síceolaí go raibh fadhb foghlamtha teanga acu. Ardú beag ab ea an figiúr sin ar an 11,172 dalta a fuair díolúine de bharr míchumas foghlamtha in 2005. Rinne 6025 dalta acu siúd staidéar ar nua-theanga Eorpach. I rith na scoilbhliana 2004 fuair 9907 dalta díolúine de bharr míchumas agus rinne 5519 acu siúd staidéar ar theanga eile. Dúirt síceolaí amháin a labhair le Foinse an tseachtain seo nach bhfuil ciall ná réasún ag baint leis seo. “Ní bhaineann fadhbanna sealbhú teanga ar nós disléicse le teanga amháin thar teanga eile. Má bhíonn fadhb agat i dteanga amháin, beidh sé agat i ngach teanga eile,” ar sé. Chuir sé an milleán ar an gcóras a cheadaíonn do scoláirí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu dul go síceolaithe príobháideacha le dearbhú a fháil uatha go bhfuil fadhb foghlamtha teanga acu ar nós disléicse. Titeann sé ar phríomhoidí ciorclán na Roinne Oideachais i leith díolúine a chur i bhfeidhm. Má dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir dalta iarratas ar dhíolúine ón nGaeilge caithfear dearbhú a fháil ó shíceolaí de chuid na Roinne nó ó shíceolaí príobháideach go bhfuil míchumas foghlamtha ag an dalta. Bíonn riaráistí móra oibre ar shíceolaithe na Roinne, rud a thugann ar thuismitheoirí a gcuid leanaí a chur faoi chúram síceolaithe príobháideacha a éilíonn táillí arda. Dúirt leasRúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar ‘dheacrachtaí deartha’ i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí síceolaithe a chiallaíonn go bhfaigheadh a gcuid páistí díolúine ó staidéar na Gaeilge. D’admaigh sé nach raibh loighic dá laghad ag baint le daoine a bheith ag fáil díolúine i leith na Gaeilge ach ag an am céanna a bheith ag tabhairt faoi theangacha eile. Dúirt Comhar na Múinteoirí Gaeilge gur ábhar mór imní iad na figiúirí seo agus go gcaithfear a fhiosrú cad tuige go bhfuil an méid sin daltaí nach raibh in ann Gaeilge a fhoghlaim ach a bhí in ann teanga Eorpach a dhéanamh. Ach deir an Roinn Oideachais go bhfuil siad le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gciorclán atá i gceist (uimhir m10/94). Níl aon spriocdháta luaite leis an athbhreithniú seo, áfach. San iomlán ní raibh ar 74,231 dalta staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge anuraidh. Tugtar díolúine ó staidéar na Gaeilge i gcás trí chúis eile. Daltaí ó thíortha eile (10,076 dalta i 2006, 8231 i 2005 agus 6741 i 2004) Daltaí a fuair a mbunscolaíocht, go dtí go raibh siad aon bhliain déag d’aois, thar lear nó i dTuaisceart Éireann (5,044 dalta i 2006, 5080 i 2005 agus 5337 in 2004). Daltaí atá aon bhliain déag nó os a chionn agus atá ag teacht ar ais ar scoil anseo tar éis a bheith thar lear le trí bliana (265 dalta i 2006, 240 i 2005 agus 267 i 2004).


Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.