View Full Version: Airgead ar bith don Ciste Craoltóireachta na Gaeilge

admin2 >>Gaeilge and Culture >>Airgead ar bith don Ciste Craoltóireachta na Gaeilge


Cael- 01-24-2008
Airgead ar bith don Ciste Craoltóireachta na Gaeilge
Airgead ar bith don chiste Ach Poots ag geallúint £50m do dhánlann! Concubhar Ó Liatháin Cé go bhfuil an tAire Edwin Poots tar éis a rá nach bhfuil aon airgead sa bhuiséad aige chun Ciste Craoltóireachta na Gaeilge a mhaoiniú i ndiaidh Mhárta 2009, thug se geallúint go gcuirfeadh sé £50m ar fáil le haghaidh dánlainne i lár Bhéal Feirste. Rinne sé an gheallúint seo agus é ag labhairt, Dé Mairt, ag dinnéar ceiliúrtha le haghaidh gnólachtaí a fuair aitheantas as ucht a dtacaíochta do na healaíona. Níos luaithe an lá céanna, bhí an tAire Poots tar éis dea-scéal a fháil óna chomhghleacaí san Fheidhmeannas, Peter Robinson, an tAire Airgeadais. Thug seisean le fios don Tionól go mbeadh £9m le fáil ag an Roinn Cultúir sa bhuiséad deiridh a d'aontaigh gach páirtí ar an Fheidhmeannas. Cé gur gheall preasoifig an Aire, Dé Máirt, go mbeadh ráiteas uathu inniu le míniú cá raibh an t-airgead breise le caitheamh, ní raibh aon rian den ráiteas sin inné. Dhearbhaigh foinse údarásach gar don Roinn do Lá Nua nach raibh sé i gceist pingin rua a chur i dtreo an Chiste Craoltóireachta. “Tá £4m le roinnt idir spórt agus na healaíona,” a dúradh le Lá Nua. Cé nach bhfuil aon tagairt don '£50m' a ndearna an tAire Poots tagairt dó ag an dinnéar ceiliúrtha, ní hiontas sin nó ní léir go bhfuil ann ach mian an Aire. Níl aon staidéar féidearthachta déanta ar an tionscnamh nó aon taighde déanta ar an éileamh a bheadh ar a leithéid. Tá deacrachtaí airgeadais ag an aon dánlann ealaíon shuntasach i mBéal Feirste, Dánlann Fholcadáin Ormeau, le tamall agus ba bheag nár dhruid sé go hiomlán cúpla bliain ó shin. Sin ráite, tá feicthe ag go leor sna tionscail chruthaitheacha an tairbhe a rinne Dánlann an Guggenheim in Bilbao d'athghiinúint na cathrach sin. Ós a choinne sin, áfach, tá staidéir fhéidearthachta agus tuarascálacha comhairliúcháin is eile déanta ar an Chiste Craoltóireachta. De réir tuarascálacha a rinne an Roinn Cultúir a choimisiúnú le linn shamhradh na bliana seo caite, tugadh le fios go raibh ag éirí leis an Chiste gach aon sprioc a leagadh síos dó a shroichint agus a shárú ó thaobh an lucht féachana a bhí ag cláir a mhaoinigh an Ciste agus ó thaobh spriocanna eile a bhaineann le riar maoine agus oiliúint. Má chuirtear deireadh leis an Chiste Craoltoíreacht ar an bhliain seo chugainn, faoi mar atá ag tarlú is léir, tuigtear go mbeidh sé seacht n-uaire níos deacra ciste dá leithéid a athbhunú amach anseo mar gheall ar rialacha a bhaineann le stáit a bheith ag tabhairt cúnamh airgid do chomhlachtaí príobháideacha. I ráiteas a d'eisigh an Feisire Tionóil, Barra Mac Giolla Dhuibh, Cathaoirleach ar an Choiste Cultúir, Ealaíon is Fóillíochta sa Chomhthionól, dúirt sé go mbeadh gá le tástáil ar dháileadh airgid DCAL le féachaint an raibh sé ag tabhairt chothrom na féinne d'éilimh ó thograí Gaeilge. Dar leis an Uasal Mac Giolla Dhuibh, ionadaí Shinn Féin i dTir Eoghain Thiar, bhí go leor feirge i measc phobal na Gaeilge faoin easpa físe agus tacaíochta a bhí léirithe ag an Aire Poots agus é ag caitheamh leis an Ghaeilge. Beidh an tástáil seo ar an mhaoiniú nach bhfuair tograí Gaeilge ar nós an Chiste Craoltóireachta ag titim amach sna seachtainí amach romhainn agus is cosúil go n-iarrfar aighneachtaí ón phobal ina taobh. Is cinnte go bhfuil cás láidir ag pobal na Gaeilge nó is iomaí ráiteas atá déanta ag ionadaíthe ón DUP ag tabhairt le fios nach mbeadh aon tacaíocht á tabhairt acu don Ghaeilge nó do thograí Gaeilge ar nós Acht na Gaeilge agus an Chiste Craoltóireachta. 24/01/2008


Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.