‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’ beartaithe ‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’ beartaithe
Colm Ó Broin
Tá sé beartaithe ag Conradh na Gaeilge eagraíocht macasamhaill Ghaillimh le Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath. Is mar chuid den togra chun lárionad Gaeilge a bhunú sa chathair atá ‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’ á bheartú.
Ag caint dó le Lá Nua dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go raibh sé “fíor-thábhachtach go mbeadh an t-ionad in ann tionchar a imirt ar an gcathair,” agus go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge san earnáil ghnó mar chuid lárnach de seo.
“Dá bhféadfaí an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí sa chathair d’fhéadfaí níos mó daoine a mhealladh i dtreo na teanga,” arsa sé.
Tá Gaillimh le Gaeilge, agus eagraíochtaí eile ar nós Ghael-Taca Chorcaí agus Forbairt Feirste, i mbun oibre le fada an lá chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an lucht gnó.
Tá an eagraíocht don phríomhchathair, nach bhfuil ainm oifigiúil aige go fóill, molta ag Jake Mac Siacais ó Fhorbairt Feirste.
“Tá tábhacht ar leith ag baint le heagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn san earnáil ghnó.
“Is ábhar bolscaireachta agus margaíochta do ghnólachtaí í an Ghaeilge agus is bealach maith é chun naisc a chruthú idir daoine gnó,” arsa sé.
Tá an Conradh ag lorg suímh i lár Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire chun lár-ionad Gaeilge a bhunú. I measc na n-áiseanna atáthar ag moladh don ionad tá naíonra, bialann, seirbhís do thurasóirí, do dhaltaí scoile agus do chuairteoirí eile, stiúideo raidió agus teilifíse agus amharclann i gcomhair ceolchoirmeacha, drámaí agus imeachtaí eile.
Táthar ag súil go mbeidh oifigí ag eagraíochtaí éagsúla Gaeilge lonnaithe san ionad freisin.
De réir daonáirimh 2006 tá 15,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais i mBaile Átha Cliath agus 24,000 eile a labhraíonn an teanga go seachtainiúil.
“Ceapaim go bhfuil pobal Gaeilge sa chathair,” arsa Julian de Spáinn, “ach níor éirigh linn iad a thabhairt le chéile ach ar leibhéal beag go dtí seo.
“Feidhmíonn an Chultúrlann mar lárionad na Gaeilge i mBéal Feirste agus tarraingíonn sé an pobal le chéile.
“Tá an aidhm chéanna againn don ionad i mBaile Átha Cliath,” ar seisean.
Tá an Conradh ag lorg suímh don phlean le sé mhí anuas agus dúirt de Spáinn go raibh sé an-deacair suíomh oiriúnach, a bheadh thart ar cheantar Shráid Dáma, a aimsiú. Mhol Jake Mac Siacais do Ghaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a bhunú sa chathair freisin, mar atá á fhorbairt i mBéal Feirste faoi láthair.
“Má théann tú chuig cathair ar bith feicfidh tú Baile Síneach nó Ceathrú Iodálach, mar sin cad chuige nach mbeadh ceathrú Ghaeltachta i ngach cathair in Éirinn?” ar seisean.
Dúirt an tUasal de Spáinn gurbh é an tosaíocht atá ag an gConradh faoi láthair an t-ionad Gaeilge a bhunú ach go bhfeicfí ar na féidearthachtaí chun ceathrú Ghaeltacha a fhorbairt i ndiaidh sin.
25/02/2008
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.