View Full Version: Brú orm ó RTÉ clúmhilleadh a dhéanamh ar Ó Searcaigh

admin2 >>Gaeilge and Culture >>Brú orm ó RTÉ clúmhilleadh a dhéanamh ar Ó Searcaigh


Cael- 04-24-2008
Brú orm ó RTÉ clúmhilleadh a dhéanamh ar Ó Searcaigh
Brú orm ó RTÉ clúmhilleadh a dhéanamh ar Chathal Ó Searcaigh - Neasa Ní Chianáin Foinse.ie Aibreán 20 2008 Bhí aighneas síoraí ann idir RTÉ agus an comhlacht a rinne an scannán faisnéise conspóideach A Fairytale of Kathmandu, Vingear Hill Productions, sna blianta sular craoladh an scannán. Ag staid amháin, mhaígh Neasa Ní Chianáin, stiúrthóir an scannáin faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh, gur bhraith sí go raibh sí faoi bhrú ó RTÉ clúmhilleadh a dhéanamh ar an Searcach, rud a shéan RTÉ go láidir. Ba i gceaintín RTÉ ar an dara lá de Lúnasa 2007 a rinne sí na líomhaintí seo, de réir chomhfhreagras atá faighte ag Foinse faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise. Ba é Eddie Doyle, Leas-Eagarthóir Coimisiúnaithe do Chláracha Fíorasacha in RTÉ, a thug an méid seo le fios: “..she suggested that I had somehow compelled her to ‘defame’ the subject of the documentary”. Léiríonn an scagadh atá déanta ag Foinse ar os cionn 600 leathanach de chomhfhreagras maidir leis an scannán go raibh Vinegar Hill agus RTÉ in adharca a chéile go minic faoi cheisteanna a bhain le cúrsaí eagarthóireachta agus cúrsaí dlí. Dúirt Eddie Doyle gur mhaígh Vinegar Hill gurb iad RTÉ a d’iarr go gcuirfí na príomhlíomhaintí a rinneadh in éadan an fhile sa gclár: “Elsewhere, during a conversation with our legal representative, you suggested that the central allegations were only being included at the behest of RTÉ. This is not my recollection of events.” Bhí Vinegar Hill ag rá gurb é RTÉ a chuir ar ais go Neipeal iad le tuilleadh fianaise a fháil faoi iompar Uí Shearcaigh agus na hagallaimh a rinne siad ar an ócáid sin le fir óga a chur i leagan leasaithe den chlár. Mheabhraigh Eddie Doyle don chomhlacht gurb iadsan a tháinig chuig RTÉ leis na líomhaintí an chéad lá riamh agus nach raibh an stáisiún ach ag iarraidh go leanfadh Vinegar Hill treoracha dea-iriseoireachta agus iad i mbun eagarthóireachta. Ag amanna éagsúla, bhí RTÉ go mór in amhras faoi dhul ar aghaidh leis an gclár faoi nádúr an chaidrimh a bhí ag an bhfile Cathal Ó Searcaigh le fir óga i Neipeal. “In summary, your recent statements have suggested that you have no confidence in some of the hugely legally risky allegations that you are asking us to broadcast. Neither RTÉ, nor any other responsible broadcaster could proceed on this basis,” a dúirt Eddie Doyle sa ríomphost céanna i Lúnasa na bliana 2007. Dúirt an tUas. David Rane, léiritheoir an chláir, áfach, gur sheas an comhlacht leis na líomhaintí a bhí sa gclár go huile agus go hiomlán. Mar fhreagra ar Doyle, dúirt Rane nach raibh taithí iriseoireachta dá laghad aige fhéin ná ag Neasa: “We are not investigative journalists, and we do not even know the first thing about this kind of television programme making. We said at the time that it would be better if RTÉ were to take this particular investigation on, especially with your Prime Time Investigates experience, and you accepted this and even said in an early communication that RTÉ would probably do something yourselves on this issue.” Nuair a chuir Vinegar Hill RTÉ agus Bord Scannán na hÉireann ar an eolas faoin gcasadh nua a tháinig ar an scéal le linn an dara turas go Neipeal ba léir go raibh drogall áirithe ar na páirtithe ar fad leanúint leis an togra. I ríomhphost a sheol Príomhfheidhmeannach Bhord Scannán na hÉireann, Simon Perry, chuig David Rane an 31 Lúnasa 2006 , dúirt Perry: “I can well understand your reluctance to make a film that might precipitate tragic events.” Mhol Eddie Doyle – fear a raibh taithí na mblianta aige a bheith ag plé le cúrsaí iriseoireachta imscrúdaithí leis an gclár Prime Time Investigates agus a ceapadh le monatóireacht a dhéanamh ar an scannán nuair a tháinig na líomhaintí chun solais - go bhfillfeadh lucht léirithe an chláir ar Neipeal agus go n-aimseoidís tuilleadh fianaise. Chuir Bord Scannán na hÉireann agus RTÉ suas le €72,000 ar fáil don chomhlacht leis an leagan nua den chlár a chríochnú. Ní léir ó na cáipéisí seo ar chuir Ciste Craoltóireachta Thuaisceart Éireann €35,000 sa bhreis ar fáil ach roinneadh gach maoiniú faoin trí fhoras go dtí sin. Tá an chosúlacht ar an scéal gur chosain an togra ina iomláine idir €250,000 - €300,000 san iomlán. Tugann na cáipéisí, atá faighte ag Foinse faoin Acht Um Shaoráil faisnéise, le fios chomh maith go raibh Stiúrthóir Ginearálta RTÉ Cathal Goan uair go leith ag plé ceisteanna faoin scannán le Neasa Ní Chianáin. I ríomhphost a sheol David Rane chuig Simon Perry an 29 Lúnasa mhaígh an léiritheoir gur casadh Cathal Goan ar Neasa Ní Chianáin ag ocáid i mBéal Feirste agus go raibh sé ‘corraithe’ ag an scéal a d’inis sí dó. Mhaígh Rane go ndúirt Goan gur beag eolas a bhí aige faoin togra sular labhair sé le Ní Chianáin: “He knew very little about it as it had been looked after by Eddie Doyle, but he promised to deal with it from inside RTÉ when he returned from a three week holiday. Last week he spoke again to Neasa and said that he had requested a full briefing from Noel Curran, Managing Director of Television…” (Féach lgh 4, 5, 6 ar an nuachtléitheoir)

Cael- 04-24-2008

Neasa Ní Chianáin has claimed that she was put under pressure from RTÉ to slander Cathal Ó Searcaigh in her Fairytale of Katmandu film. RTÉ, a part financer of the program, along with the Irish Film Board, has denied this. She claims that she would never have make the allegations of abuse against him if RTE had not put pressure on her to do so. This new information has come out in documents obtained by foinse under the Freedom Of Information Act. The documents also show that RTE themselves were in doubt about the allegations. Commisioning sub editor Eddie Doyle wrote to the production company, Vinegar Hill in 2007: “In summary, your recent statements have suggested that you have no confidence in some of the hugely legally risky allegations that you are asking us to broadcast. Neither RTÉ, nor any other responsible broadcaster could proceed on this basis.” Neither Vinegar Hill nor Neasa Ní Chianán were in any doubt about their qualifications to make such a sensitive program. The producer of the program, David Rane wrote: “We are not investigative journalists, and we do not even know the first thing about this kind of television programme making. We said at the time that it would be better if RTÉ were to take this particular investigation on, especially with your Prime Time Investigates experience, and you accepted this and even said in an early communication that RTÉ would probably do something yourselves on this issue.” The program cost between €250,000 and €300,000 to make. Given that all involved knew they were likely to mke a very great mess of the matter, with potentially tragic results, its not clear, as yet, why the program was proceeded with.

Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.