Caighdeán Béarla níos fearr ag daltaí Gaelscoile Caighdeán Béarla níos fearr ná an meán ag daltaí Gaelscoile
Foinse.ie
Bealtaine 04 2008
Tá caighdeán Béarla i bhfad níos fearr ná an meán náisiúnta ag daltaí na Gaelscoile a bhí sáite i gconspóid an tumoideachais ó thús, scoil a ndúirt cigirí ón Roinn Oideachais fúithi go raibh “severe and significant deficiencies in English” i gcumas na bpáistí inti. Sin de réir taighde nua a thugann le fios go bhfuil na torthaí scrúdaithe Béarla i Scoil Mhic Easmuinn i dTrá Lí go hard os cionn na ngnáth-thorthaí a mbeifí ag súil leo. Tá na torthaí arda seo bainte amach ag an rang céanna sa scoil sin ar mhaígh cigirí na Roinne go raibh “severe and significant deficiencies in English” acu. Bhí baint lárnach ag Scoil Mhic Easmuinn i dTrá Lí i gCiarraí le conspóid an tumoideachais ó dhein líon beag tuismitheoirí gearán faoi pholasaí tumoideachais seanbhunaithe na scoile. An samhradh seo caite, shocraigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, cosc ar bhonn náisiúnta a chur ar an luath-thumoideachas i nGaelscoileanna. Spreag an cinneadh sin Bord Bainistíochta Ghaelscoil Mhic Easmainn, Bord Bainistíochta Ghaelscoil Nás na Ríogh agus Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge cás a thógaint san Ard-Chúirt i gcoinne an Aire.
Is mar chuid den chás sin atá cáipéis ullmhaithe a chruthaíonn go bhfuil caighdeán an Bhéarla ag daltaí Ghaelscoil Mhic Easmuinn níos airde ná an meán náisiúnta. Tá cóip den cháipéis sin i seilbh Foinse. An tUas Séamus Ó Longaigh a chuir an cháipéis seo le chéile. Príomhoide i Luimneach é an tUas Ó Longaigh a bhfuil blianta caite aige mar speisialtóir agus mar mhúinteoir feabhais agus ar saineolaí é ar riaradh agus ar mheasúnú scrúduithe caighdeánaithe an Micra-T agus scrúduithe scagtha agus fáthmheasa eile.
I mí Feabhra na bliana 2006 rinne beirt chigirí thar ceann na Roinne Oideachais cigireacht ar na ranganna, Naíonáin Shóisearacha, Naíonáin Shinsearacha agus Rang 1 i nGaelscoil Mhic Easmuinn. Léirigh cáipéisí a fuair Foinse faoin Ach Um Shaoráil Faisnéise anuraidh gur chinn na cigirí ina dtuairisc go raibh “severe and significant deficiencies in English” i gcumas na bpáistí sa Ghaelscoil i dTrá Lí. Ó shin, tá na scrúduithe micra-T, scrúdú náisiúnta léitheoireachta do dhaltaí bunscoile sa Bhéarla, déanta ag na páistí a bhí i rang na Naíonán Sinsearach agus i Rang 1 nuair a thug cigirí na Roinne a mbreithiúnas. Tá scagadh déanta ag an Uasal Ó Longaigh ar na torthaí nua sin agus maíonn sé gur cruthúnas iad nach bhfuil aon laige sa scoil maidir leis an mBéarla ach a mhalairt. Maíonn sé go bhfuil “easaontas bunúsach” idir na torthaí nua seo agus tuairimí na gcigirí faoi chaighdeán an Bhéarla i nGaelscoil Mhic Easmuinn, tuairimí “nach féidir brath” orthu.
Tá anailís Uí Longaigh ar thorthaí Micra-T i nGaelscoil Mhic Easmuinn, agus na torthaí féin, curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte. Maidir leis an 28 dalta i Rang a hAon sa Ghaelscoil i dTrá Lí (an rang Naíonán Sinsearach tráth na cigireachta Roinne) tá naonúr sa bhanda peircintíle is airde, 81-100, an dream is fearr a chruthaíonn sa scrúdú Béarla go náisiúnta, de réir anailís Uí Longaigh. Mar sin tá 32% de rang 1 Ghaelscoil Mhic Easmuinn sa rannóg seo seachas an 20% i ngnáthrang. Tá seisear sa bhanda peircintíle 61-80, an dara ceann is airde, sin 21% den rang seachas 20% i ngnáthrang. Tá ceathrar sa bhanda peircintíle sa lár, 41-60, sin 14% den rang seachas 20% i ngnáthrang. Tá seisear sa dara banda peircintíle is ísle, 21-40, sin 21% den rang seachas 20% i ngnáthrang agus níl ach triúr sa bhanda peircintíle is ísle, 1-20, sin 11% den rang seachas 20% i ngnáthrang. Ta na torthaí seo i bhfad níos láidre ná an meán náisiúnta le haghaidh Rang 1, a mhaíonn an tUas Ó Longaigh. Maidir leis na torthaí i measc na ndaltaí a bhí i Ran 1 tráth na cigireachta Roinne tá na torthaí láidir freisin. Tá 27% den rang sa bhanda 81-100 – an banda is airde de réir a ranga – seachas an gnáthlíon 20%. Tá 41.5% sna bandaí 61-100 seachas an gnáthlíon 40%. Níl ach 17% den rang sa bhanda 0-19 – an banda is ísle – seachas an gnáthlíon 20%.
“Tá na torthaí seo os cionn na meán náisiúnta agus is deacair a shamhlú go bhféadfá a rá ina dtaobh go raibh “severe and significant deficiencies in English” acu,” a deir an tUas Ó Longaigh. Deir sé freisin “go bhfuil na daltaí seo anois go maith os cionn a mbuille ach tá feabhas tagtha orthu ó bhí siad i Rang 1.” Maíonn an tUas Ó Longaigh gur scrúduithe Quest amháin a bhí in úsáid ag na cigirí Roinne agus gur scrúduithe iad seo atá claonta d’aonghnó chun daltaí le fadhbanna léitheoireachta a aithint i gcomhair tuilleadh scagtha. “Níl siad oiriúnach beag ná mór chun caighdeán an Bhéarla a mheas i gcomhthéacs ranga ar bith,” a deir sé.
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.