Ceist caidrimh an DUP Ceist caidrimh
Márta 02 2008
Tá nós ag Ian Paisley a mheabhrú do dhaoine gur chaith sé clocha sneachta le Taoiseach i Stormont. Tagairt is ea é don agóid a rinne sé trí bliana agus dhá scór ó shin nuair a chuaigh Seán Lemass go Stormont chun bualadh le Terence O’Neill, Príomh-Aire Thuaisceart Éireann, an chéad chuairt dá sórt. Tharraing sé an scéal anuas le gairid nuair a bhí sé ag fáiltiú roimh an Taoiseach, Bertie Ahern ina dhúnáras, an Baile Meánach, Contae Aontroma. Údar mór grinn ab ea é ag an gCéad Aire, ceannaire an DUP, é ag rá le fonóid go raibh an Taoiseach agus a fhoireann ag guí ar an mbealach aneas nach mbeadh sneachta ar an mBaile Meánach. B’fhéidir gur ar mhaithe lena lucht leanúna féin a dhéanann sé na tagairtí, chun sceiptigh a shuaimhniú, seans. Is léiriú suntasach iad, áfach, ar an bhfeabhas mór ar chaidreamh thuaidh-theas ó 1965, ar an naimhdeas atá coscartha mar a bheadh an sneachta. Bhí an claochló ar an gcaidreamh le trí bliana anuas doshamhlaithe cúig bliana ó shin gan trácht ar dhá scór, scór nó fiú deich mbliana ó shin. Bhí fear agus bean amháin i mbun agóide ar an mBaile Meánach nuair a bhí an Taoiseach ansin le hionad fóillíochta a oscailt in éindí le Paisley, an feisire áitiúil. Ba é an Dochtúir Paisley a bhí ina cheap milleáin acu cé go raibh doicheall acu roimh an Taoiseach chomh maith. Iarchara leis an lánúin, Roy Gillespie agus a bhean, Ruby, ab ea Paisley, IarMhodhnóir na nEaglaise. Bhí an Comhairleoir Gillespie dílis do Phaisley ó aimsir na gclocha sneachta ach d’fhág sé an DUP anuraidh i ngeall ar roinnt na cumhachta le Sinn Féin. Chuaigh Ruby isteach san óstán chun a míshástacht leis an Doc a chur in iúl dá chéile, an Bhanbharún Eileen Paisley. D’fhan an Comhairleoir Gillespie lasmuigh, ar phicéad. Bhí an bheirt croíbhriste, adúradar mar go ndearna Paisley feall orthu agus mar go raibh sé ag fáiltiú roimh cheannaire ó stát naimhdeach a bheadh ag iarraidh iad a shú isteach in Éirinn aontaithe i ngan fhios. Bhí siadsan ag cloí leis an gceacht a mhúin Ian Paisley dóibh, adúirt Roy Gillespie ach bhí an teagasc caite i dtraipisí ag an “Doc”. Ba é laghad na hagóide an t-iontas. Shílfeá go raibh an sean-cheacht caite uathu ag an mórlucht. Cor réasúnach is ea an comhoibriú leis an Deisceart i súile a lán ach cor a tháinig aniar aduaidh ar chuid de lucht leanúna Paisley a ghlac mar shoiscéal le briathra bhladhmann-acha an tsean-tuathghríosóra. Mionlach is ea iad, daoine ar nós mhuintir Gillespie agus lucht tacaíochta an Fheisire Eorpaigh Jim Allister a airíonn gur thréig Paisley iadsan agus gach ar chraobhscaoil sé faoi phoblachtánaithe agus faoi Chaitlicigh ‘Rómhánacha’.Tá an dea-chaidreamh idir Bertie Ahern agus Ian Paisley follasach. Léiríodh é i mBaile Átha Cliath anuraidh den chéad uair agus is iomaí taispeántas feicthe againn ó shin, ag cruinnithe thuaidh-theas agus thoir-thiar chomh maith le hócáidí ar nós an chinn ar an mBaile Meánach. Nuair a chítear an bheirt ag croitheadh lámh go croíúil lena chéile, an fháilte a bhíonn acu roimh a chéile agus a suairceas i gcomhluadar a chéile, is deacair gan iontas a dhéanamh den athrú saoil. Nuair a bhí cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i nDún Dealgan tamall ó shin tuairiscíodh go raibh feidhmeannach rialtais ó Bhaile Átha Cliath ag caint ar an gcodarsnacht idir an dea-chaidreamh reatha agus na laethanta nuair a bhí David Trimble ina Chéad Aire. Dúirt feidhmeannach as Stormont liom nach bhfuil aon chomparáid idir an dá ré; “ní fhéadfá a bheith cinnte sa seanréimeas go dtarlódh an cruinniú in aon chor” ar sé “agus, dá dtarlódh, bheifeá ar bís an fhad a mhairfeadh sé, ar eagla go gcuirfeadh focal fánach na gnóthaí dá dtreoir. Bhíodh gach a mbeadh le rá faoi chuile mhír i scríbhinn roimhré. Ní bhíonn gach focal ar pháipéar roimh na cainteanna anois”. Más mór idir an caidreamh trasteorann seacht mbliana ó shin agus an lá inniu, ní taise é don difir idir na cúrsaí reatha agus an saol sna hOchtóidí agus na Nóchaidi. Fuair Peter Barry, Aire Gnóthaí Eachtracha Fhine Gael íde na muc is na madadh sa Tuaisceart as ucht a ról mar chomhchathaoirleach ar an gComhairle Angla-Éireannach a bunaíodh tar éis Chomhaontú 1985- conradh a thug ról do Rialtas na hÉireann don chéad uair i ngnóthaí Thuaisceart Éireann. Bhí Aontachtaithe den uile chineál dubh dóite ina choinne; bhailigh céad míle duine ag slógadh agóide i mBéal Feirste. Lean an feachtas cúpla bliain agus ba mhinic réabadh is foréigean ag dul leis. Thugadh aontachtaithe ardmholadh don Seanadóir Mary Robinson mar gur thug sí an t-eiteachas don Chomhaontú ar an mbonn go ndearna sé éagóir orthusan. Ach nuair a toghadh ina hUachtarán í, rinneadh agóid in aghaidh a cuarta ar Bhéal Feirste. Diúltaíodh fáiltiú oifigiúil di i Halla na Cathrach i ’92, rinne roinnt Aontachtaithe baghcat ar chuairt go Doire agus cheistigh feisirí ón UUP Rialtas na Breataine faoi conas a ceadaíodh isteach uachtarán ar thír iasachta – tír a mhaígh gur léi críocha Thuaisceart Éireann. Beagán le cois seacht mbliana déag ó shin tháinig an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh aneas chun labhairt le cumann gnó, an Institute of Directors. Is mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach a bhí sé ag caint ach ní dhearna léirsitheoirí aontachtacha aon idirdhealú ar an mbonn sin. Ar éigin a d’fhéadfadh na haíonna san halla in óstán an Europa é a chlos thar ghlafar agus réabadh na círéibe aontachtaí taobh amuigh. Bhí Ian Paisley i measc lucht na hagóide. Nuair a d’éirigh leis an RUC iad a ghlanadh as Sráid Mhór Victoria os comhair an óstáin chuaigh ceannaire an DUP agus comhaltaí mór le rá d’Aontachtaithe Uladh suas ar dhíon cheannáras an UUP, i Sráid Glengall, ag taobh an óstáin chun an agóidíocht a choinneáil ag imeacht. Thug na léirsitheoirí íde béil fíochmhar do Reg Empey (ceannaire an UUP anois ) mar gurb eisean, mar Ard-Mhéara na cathrach a chuir fáilte oifigiúil roimh Haughey. Nuair a tháinig an Taoiseach Bertie Ahern go Béal Feirste i Samhain 2005 chun labhairt le hInstitiúid na Stiurthóirí bhí picéad ar an gcruinniú ach ba iad oibrithe a bhí ag iarraidh a gcearta pinsin a chuir ann é. Ní dhearna na polaiteoirí léirsiú; bhain cuid de sin le pearsantacht Bhertie ach bhí an síol curtha don athrú a thiocfadh go drámatúil faoi cheann bliain go leith. Faoin am sin, bhí an DUP imithe chun tosaigh ar an UUP, David Trimble criogtha acu, an IRA éirithe as a fheachtas paraimíleatach agus díchoimisiúnú curtha i gcrích. Bhí idirbheartaíocht ar siúl agus forbairt pholaitiuil ar na bacáin. Is maith ann an dea-chaidreamh thuaidh-theas. Ba mhaith ann é in am ar bith ach is fear fós é i bhfianaise na staire. Suáilce is ea caradas na gcomharsan. Comhartha dearfach athmhuintearais. Údar muiníne is ea é go dtig le daoine maireachtáil le chéile ar an oileán seo gan aon dream a bheith ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an muintir eile. As sin eascraíonn comhoibriú a dtig le gach eite is aicme tairbhe a bhaint as. An é sin atá ar taispeáint san dea-chaidreamh idir an Taoiseach agus Ian Paisley? An bhfuil téagar ann? Ní leor é daoine a bheith ar a gcompord le chéile. D’fhéadfadh cuma an aontais a bheith ar dhaoine i bhfochair a chéile cé nach mbeadh obair fhiúntach á déanamh acu. Is iomaí duine a cheistíonn cad is brí leis an dea-aoibh a bhíonn ar Ian Paisley agus Martin McGuinness ag ócáidí poiblí. Cén chúis gháire atá acu? An bhfuil faic á dhéanamh seachas “chuckle-áil”? D’fhéadfadh ’chaon taobh a bheith ag cur moille ar chlár oibre an taoibh eile cé go séantar go poiblí go bhfuil easaontas nó parailís ann. Má tá bunús leis an tuairim sin is údar imní é agus caithfear a dhul i ngleic leis gan mhoill chun muinín an phobail san déabhlóid a chothú. Tá toradh nithiúil ar an gcomhoibriú thuaidh-theas le feiceáil - ‘ peter’s pence’ mar a thugann saoithe na dtábhairní air, san áireamh. Tagairt é sin don bhfáilte a chuir an tAire Airgeadais i Stormont, Peter Robinson roimh airgead ó Bhaile Átha Cliath – maoiniú le haghaidh bóithre, cuir i gcás. Tá rachmas á sholáthar ag Baile Átha Cliath do thuaisceart Aontroma, toghcheantair Ian Paisley trí ordú mór ar bhusanna ó chomhlacht Wright’s. Tá dlús curtha le hobair chun páistí a chosaint ó dhúshaothrú, drochíde is mí-úsáid ar bhonn uile-oileánda, na Gardaí agus an PSNI ag obair as láimh a chéile go minic, comhfheachtas in aghaidh smugláil breosla agus in aghaidh thionscal na ndrugaí. Tá forais thrasteorann in ainm’s a bheith ag tabhairt faoi chomhoibriú i leith ospidéil agus seirbhísí sláinte éigeandála sna ceantair cois teorann. Coinneofar súil an-ghéar ar an obair sin mar go bhfuiltear chomh buartha faoi sholáthar seirbhísí leighis ó thuaidh is atá ó dheas. Tá dlús faoi fhorbairt na turasóireachta ar bhonn uile-Éireann, nó ar bhonn uile-oileánda- an téarma is fearr a fheileann d’aontachtaithe. Tá súil ag daoine go ndéanfar pleanáil chuimsitheach ar chórais iompair don oileán ar fad. Tá lucht gnó ag trasnú na teorann sa dá threo le fada agus tá méadú tagtha le deireanas ar líon na n-infheisteoirí ón deisceart atá sa tóir ar thograí ó thuaidh. Tá carranna le plátaí cláraithe an deiscirt an-choitianta ar shráideanna an tuaiscirt anois agus slán an tsamhail, níl aon chaint ar thiománaithe na ngluaisteán sin a bheith i mbaol. Gnáthrud, arsa tusa? Sea ar ndóigh, gnáthrud i ngnáthshochaí. Ach ní mar sin a bhíodh. Fáiltimis roimh an athrú. Go raibh an dea-chaidreamh ag gach leibhéal ag dul i ngnáthaíocht in aghaidh an lae.
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.