Cosaint Uí Shearcaigh Cosaint Uí Shearcaigh
"Scannán claonta” cáinte ag file. Déantóir cláir ag cosaint a saothair go poiblí
Concubhar Ó Liatháin
I ráiteas a d'eisigh sé trí chomhlacht caidrimh phoiblí, tá an file iomráiteach, Cathal Ó Searcaigh, tar éis a iompar agus é i Neipeal a chosaint mar thoradh ar chonspóid atá spreagtha ag scannán úr.
Sa scannán, The Fairytale of Kathmandu, líomhnaítear gur bhain an file úsáid as a shaibhreas (i gcomparáid le bochtáin na cathrach sin) chun áiteamh ar fhir óga luí leis.
Ina ráiteas, áfach, tugann an tUasal Ó Searcaigh le fios go dtugann an scannán léargas míchruinn, as riocht ar an fhile agus go bhfuil insint thar a bheith gáirsiúil déanta ar a shaol in Kathmandú, insint a dhíríonn ar ghné amháin den saol sin thar ghnéithe eile.
“Tá mé ag taisteal go dtí Neipeal le breis is dhá bhliain déag agus sa tréimhse sin, táim tar éis cúnamh a thabhairt do go leor fear agus ban agus teaghlach óg agus bheith cairdiúil go maith leo.
“Is fear aerach mé, agus níor choinnigh mé sin faoi rún riamh, in Éirinn nó i Neipeal.
“Ní fíor an leid a thugtar sa scannán seo go raibh mé ag déanamh dúshaothrú ar fhir óga chun mo hainmhianta collaíochta a shásamh.”
Dar le húinéir an óstáin ina mbíodh an tUasal Ó Searcaigh ag fanacht i Neipeal, tá go leor feirge spreagtha i gcoinne an fhile sa chathair anois agus ar éigean go bhfáilteofaí roimhe ar ais. Bhí an t-úinéir ag labhairt le Lá Nua, inné.
Agus í ag labhairt ar Liveline, inné, dúirt stiúrthóir an scannáin, Neasa Ní Chianáin, go raibh sí ag seasamh leis an saothar agus an méid a tugadh le fios ann cé gur ghoill sin go mór uirthi de bharr an mheasa a bhíodh aici ar an fhile.
Taispeánfar an scannán ar RTÉ 1, ar 13 Márta, agus beidh sé le feiceáil fosta ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath.
02/06/2008
Cael- 02-16-2008
Comharsana ag cosaint Chathail
Michelle Nic Pháidín
Tá comharsana agus cairde an fhile cháiliúil, Cathal Ó Searcaigh, trína chéile faoina bhfuiltear á rá i láthair na huaire faoin scríbhneoir.
Le seachtain nó dhó anuas, tá sé scríofa sna meáin go raibh gaol ag Cathal le fir óga i Neipeal.
Chuir comharsa bhéal dorais amháin scairt ar oifigí Lá Nua, inné, agus í go mór trína chéile mar gheall ar an ionsaí a fheiceann sise atáthar a dhéanamh i láthair na huaire.
Dúirt sise go raibh an baol ann nach dtiocfadh an file as.
Dúirt Frankie Watson as Caiseal na gCorr go raibh sí croíbhriste as ucht an méid atáthar a rá.
Dúirt sí: “Tá mise mar chara agus mar chomharsa ag Cathal agus tá eagla orm go ndéanfaidh an méid atá á rá cuid mhór dochair dó.
“Chur sé fáilte romhamsa agus roimh mo chuid páistí i dtólamh. Tá Cathal mórchroíoch fial le achan duine.
‘‘Rinne sé oiread maitheasa do dhaoine. Chuidigh sé le healaíontóirí agus le scríbhneoirí ó gach cearn den domhan.
“Tá a lán cainte ann i láthair na huaire faoi chumhacht. Más rud é go raibh Neasa Ní Chianáin ag cuardach scannáin faoi chumhacht, cad chuige nach ndeachaigh sí go Meiriceá. Níor chaith siad leis ar dhóigh ar bith a bhí macánta.
“Dar liomsa go mbeidh impleachtaí móra leis seo. Seans go múchfaidh sí an choinneal. Seans nach mbeidh sé ábálta scríobh a thuilleadh. Seans go mbrisfidh sé síos.
“Tá Cathal é féin soineanta oscailte; seans go raibh sé ró-oscailte agus róshoineanta leis an chailín seo."
Dúirt sí nach raibh meas ar bith aici ar lucht déanta an scannáin.
“Sé an rud nach dtuigeann daoine ná go raibh ganntanas go leor ar Chathal ina óige é féin.’’
Dúirt Neasa Ní Chianáin agus í ag comhrá le Liveline go raibh sí ag seasamh leis an saothar agus an méid a tugadh le fios ann cé gur ghoill sin go mór uirthi de bharr an mheasa a bhíodh aici ar an fhile.
Dúirt Eithne De Buitléir as Gort a’ Choirce go raibh sise den bharúil go ndearna Neasa an gníomh seo d'aonghnó le suim sa scannán a spreagadh.
‘‘Ní seo an chéad uair a rinné sí seo. Amharc an drochbhail a thug sí ar an fhile. Chuaigh sí amach leis an dubhrud a chur as chomhair an phobail. Cá bhfuil an mhaitheas uilig a rinné Cathal? Bhíodh sé sa bhanc uile mhí ag cur airgid trasna chuig na daoine bochta seo.’’
Taispeánfár an scannán ar RTÉ1, ar 13 Márta, agus beidh sé le feiceáil fosta ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath.
02/08/2008
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.