View Full Version: Cúrsa aistriúcháin le tosnú sa Daingean

admin2 >>Gaeilge and Culture >>Cúrsa aistriúcháin le tosnú sa Daingean


prionsias- 07-11-2005
Cúrsa aistriúcháin le tosnú sa Daingean
Cuireadh fáilte mhór roimh fhógra Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go bhfuil an t-acadamh sin meáite ar chúrsa i Scileanna Aistriúcháin a chur ar bun i nGaeltacht Chorca Dhuibhne sa bhfómhar seo chugainn. Sa Daingean, a tuigtear dúinn, a bheidh an cúrsa á theagasc. Táthar chun a mhacasamhail de chúrsa a chur ar bun i nGaeltacht Thír Chonaill chomh maith. Beidh dioplóma sna Dána (Scileanna Aistriúcháin) le bronnadh orthu seo a chríochnóidh an cúrsa go sásúil. Is é seo an chéad uair a cuireadh cúrsa dá leithéid ar bun i gCorca Dhuibhne agus cáilíocht acadúil ag baint leis. Go dtí seo bhí ar dhaoine ón gceantar seo dul chomh fada le Gaillimh nó Baile Átha Cliath chun cáilíocht phroifisiúnta san aistriúchán a bhaint amach. Gnó é an t-aistriúchán a bhfuil fás mór tagtha air le blianta beaga anuas ach go háirithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla bheith ar an bhfód chomh maith leis an stádas a tugadh don Ghaeilge le déanaí san Eoraip. Tá roinnt daoine ag gabháil den aistriúchán i gCorca Dhuibhne cheana féin agus éileamh ar leith ar an aistriúchán comhuaineach. Cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain atá beartaithe agus is é aidhm atá leis eolas tosaigh a thabhairt do mhic léinn ar na scileanna is tábhachtaí is gá a bheith ag duine a bhíonn ag aistriú idir an Béarla agus an Ghaeilge agus oiliúint bhunúsach a thabhairt dóibh sna scileanna sin. Dóibh seo a bhfuil caighdeán maith Gaeilge agus Béarla acu, idir labhairt agus scríobh, agus ar mhaith leo díriú ar an aistriúchán mar shlí bheatha nó scileanna áirithe aistriúcháin a úsáid ina saol oibre atá an cúrsa dírithe. Ní gá céim sa Ghaeilge chun bheith in-ghlactha don gcúrsa ach beidh grád B san ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteist, nó a mhacasamhail, ag teastáil


Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.