Dhá scéal, dhá chúis náire Dhá scéal, dhá chúis náire
Foinse.ie
Aibreán 20 2008
Níl aon bhaint ag an dá scéal seo a leanas lena chéile, taobh amuigh den dochar a dhéanann easpa airgid do dhaoine áirithe chomh maith leis an sochar a dhéanann sé do dhaoine eile. An chéad scéal. Is ionann trádáil taobh istigh agus gadaíocht.
Má bhaineann stiúrthóirí comhlachta leas as faisnéis nach bhfuil ar eolas ag daoine eile chun cur lena maoin, déanann siad éagóir ar dhaoine eile. Faoi mar a rinne Jim Flavin agus a chomhghleacaithe i gcomhlacht DCC i 2000.
Dhíol siad scaireanna sa chomhlacht gan ceannaitheoirí a chur ar an eolas roimhré faoin laghdú a bhí ag bagairt ar luach na scaireanna. Chaith comhlacht eile, Fyffes, €106m ar na scaireanna. Thit an praghas. Rialaigh an Chúirt Uachtarach i bhfabhar Fyffes agus in aghaidh Flavin agus stiúrthóirí eile i DCC anuraidh.
Fógraíodh Dé Luain go raibh cúiteamh €41m á íoc ag DCC leis an gcás a réiteach. Níl sa méid sin ach thart ar a leath den airgead a chaill Fyffes mar gheall ar an bhfaisnéis a ceileadh orthu agus na scaireanna á ndíol.
Níor briseadh Jim Flavin ná duine ar bith eile as a phost mar gheall ar an gcás. Níor cuireadh duine ar bith i bpríosún dá bharr. Nil aon chás dlí eile ag bagairt orthu, cé gur thug an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach Paul Appleby le fios i rith na seachtaine go raibh an scéal á bhreithniú aige.
Cuireann an dlí ar chumas an Stiúrthóra dul chun cúirte chun bac a chur ar dhaoine a bhí freagrach as trádáil taobh istigh feidhmiú mar stiúrthóirí i gcomhlacht ar bith.
An dara scéal: Tar éis do Nuala Ó Faoláin aird an phobail a tharraingt ar an uaigneas ar dlúthchuid é de gach bás, rinneadh dhá chur síos i rith na seachtaine ar an droch-chóireáil agus ar an lag-thacaíocht a thugtar do dhaoine atá ag saothrú an bháis agus dá ngaolta.
Is i dtuairiscí a rinne Primetime ar RTE1 Dé Máirt agus a d’fhoilsigh an Fhondúireacht Ospíse agus an Chomhairle Náisiúnta um Aosú agus Daoine Aosta Déardaoin a bhí an cur síos. Tá seirbhís lochtach in áiteanna éagsúla. Níl aon tseirbhís in áiteanna eile.
Léirigh Primetime cúis náire eile. Foilsíodh plean feabhais in 2001. Gheall an t-aire sláinte Mary Harney caiteachas €18m a chuirfeadh cuid den phlean i bhfeidhm i 2005, ach fiú an t-airgead sin níor caitheadh ach a leath de go dtí seo.
Gheall sí earcú foirne breise (130 oibrí), ach go dtí seo níl ach a leath fostaithe. Nil aon oispís in oir-thuaisceart an Stáit, ná san oir-dheisceart, ná i lár na tíre. Níl altraí ar speisialtóirí iad i gcóireáil mhaolaitheach earcaithe fós i mórán áiteanna, cé gur gealladh go mbeidís gníomhach faoin am seo.
Níor thoiligh Mary Harney páirt a ghlacadh i ndíospóireacht a reachtáil Primetime, ach ní dhearna John Moloney (Fianna Fáil), cathaoirleach chomh-choiste sláinte an Oireachtais, aon iarracht cás an rialtais a chosaint nuair a labhair sé ar an gclár.
D’admhaigh sé go raibh an droch-chur chuige náireach. Gheall sé go bhfiosródh a choiste an scéal. Léiríonn an dá scéal seo, sílim, laigí bunúsacha i rialú na tíre. Dá mbeadh an córas rialtais éifeachtach agus folláin, d’fhéadfadh gnáthdhaoine glacadh leis go bhfuil caighdeáin áirithe i bhfeidhm.
B’fhéidir nach mbeadh an caighdeán sásúil i gcónaí. B’fhéidir go mbeadh feabhsú nó neartú an chórais riachtanach. Go háirithe dá léireodh scéalta áirithe laigí.
Ach ba chóir go mbeifí ábalta talamh slán a dhéanamh de go raibh bun-chaighdeán áirithe cinnte, maidir le dlí nó le seirbhís stáit ar bith, agus maidir lena chur i bhfeidhm.
Faraor, mar is léir ón dá chás léanmhara thuas, níl aon bharántas dá leithéid ar fáil, ach a mhalairt. Féach cás DCC mar shampla. Ní theastaíonn machnamh fada lena thionchar a mheas. Bhí claidhreacht agus cur i gcéill ar bun. Ní airgead beag a bhí i gceist ach thart ar €80m.
Thug an Chúirt Uachtarach breithiúnas soiléir. Pionós ná príosún níor gearradh fós ar dhuine ar bith a bhí freagrach. Go deimhin, ocht mbliana tar éis an cháis mhóír trádála taobh istigh, ní léir fós aon ghníomh a rinne údarás stáit ar bith dá bharr.
Ní dhearna páirtí polaitiúil ar bith gearán ar bith ina thaobh, go bhfios dom, tar éis do Fyffes agus DCC an réiteach a fhógairt. Chuir Vincent Browne tost na bpáirtithe agus easpa gnímh na n-údarás i gcomparáid lenar tharla tar éis robáil Bhanc an Tuaiscirt i mBéal Feirste, inar tógadh i bhfad níos lú (€40m) ina cholún san Irish Times.
Is mó an dochar, maidir le caighdeáin ghnó na tíre mar shampla, a rinne scéal Fyffes agus DCC. Fillimis ar scéal an bháis. Pléadh a ndúirt Nuala Ó Faoláin sna meáin, i seomraí comhrá ar an idirlíon agus ar fud na tíre le seachtain anuas.
Nior pléadh sa Dáil é fós. Ná na bearnaí sa tseirbhís sláinte a chuireann as do dhaoine atá ag fáil bháis go háirithe. Pléadh scéal gaolmhar sa Dáil Déardaoin nuair a cheistigh Enda Kenny agus Éamonn Gilmore an Taoiseach-tofa faoin moill dhá lá go leith a cuireadh ar bhean aosta as Baile Átha Cliath a bhfuil Alzheimers uirthi sarar cuireadh leaba ospidéil ar fáil di.
Bhuail taom croí í agus tugadh go dtí ospidéal sa chathair í Dé Luain, ach coinníodh san ionad práinne í cheal spáis. Ghabh an Mater leithscéal léi Déardaoin agus d’aimsigh siad leaba di go gairid tar éis an phlé sa Dáil.
Chuir bainisteoirí an ospidéil an milleán ar easpa leapacha in árais altranais d’othair nár chóir a bheith san ospidéal. Arís. Dúirt Brian Cowen go raibh atheagrú ag teastáil sa chóras sláinte, agus i gceantar Bhaile Átha Cliath thuaidh go háirithe. Arís. Ní féidir gach fadhb a réiteach láithreach.
Ach ba chóir go mbeadh an státchóras ábalta feidhmiú níos tapúla maidir le (a) gadaithe agus (b) daoine breoite atá ag fáil bháis. Is é sin, dá mbeadh an córas ag feidhmiú mar ba chóir. Is iriseoir é Cathal Mac Coille ar fhoireann nuachta RTE.
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.