View Full Version: ‘Fondúireacht na Gaeilge’ le seoladh

admin2 >>Gaeilge and Culture >>‘Fondúireacht na Gaeilge’ le seoladh


Cael- 01-24-2008
‘Fondúireacht na Gaeilge’ le seoladh
‘Fondúireacht na Gaeilge’ le seoladh Colm Ó Broin Lá Nua Tá eagraíocht nuabhunaithe Ghaeilge, ‘Fondúireacht na Gaeilge’, ag súil le borradh mór a chur faoi ghluaiseacht na Gaeilge trí chuidiú i bhfoirm tabhartas a fháil ón bpobal agus ó eagraíochtaí san earnáil phríobháideach. Ag cruinniú poiblí dar teideal, ‘An Ghaeilge, Bás nó Beatha’, atá le tionól in Óstán Mont Clare i mBaile Átha Cliath ag 6.45in inniu, tabharfaidh bunaitheoirí na heagraíochta cur síos ar straitéis le déileáil leis an ngéarchéim atá i ndán don teanga. Beidh Fondúireacht na Gaeilge ag lorg tabhartas leis an straitéis seo a mhaoiniú, ach tá súil acu maoiniú rialtais a lorg chomh maith “ach ag leibhéal a chinntíonn neamhspleáchas na heagraíochta,” arsa Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach na heagraíochta. Tá roinnt Gaeilgeoirí aitheanta eile mar stiúrthóirí ar an bhfondúireacht, ina measc, Dónall Ó Baoill, Deirbhile Nic Craith, Cathal Ó Donnghaile, An Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Muireann Ní Mhóráin, Réamaí Mathers agus Mícheál Ó Riabhaigh. Measann an tUasal Mac Cormaic go mbeidh gá le E150,000 in aghaidh na bliana, “ar an íosmhéid,” chun go mbeidh rath ar an obair fhadtéarmach atá beartaithe ag an bhFondúireacht. Tá súil acu tograí a bhunú de réir a chéile ag díriú ar scéimeanna tithíochta Gaeilge, taobh istigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, oideachas tríú leibhéal, straitéis le tacú le cainteoirí Gaeilge sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas, gréasán náisiúnta naíolanna Gaeilge agus ionaid chultúrtha i mBaile Átha Cliath agus/nó i gcathracha eile. “Is cuid riachtanach de chur chuige na Fondúireachta ná an stádas neamhspleách a bheidh ag an eagraíocht a chinnteoidh nach mbeidh a cuid oibre ag brath ar pholasaí nó ar mhaoiniú an rialtais. Go dtí seo, bhí bealach amháin ann chun tacaíocht a fháil don Ghaeilge, é a lorg ón rialtas, ach nuair a theip air sin, ní raibh an dara straitéis ann,” arsa Mac Cormaic. Cé go n-admhaíonn an grúpa gur riachtanas é maoiniú Stáit a bheith curtha ar fáil d’eagraíochtaí na Gaeilge, ceapann siad “go bhfágann an easpa shoiléir straitéise leis an teanga a chothú rogha amháin ag pobal na Gaeilge. . .dul ar aghaidh leo féin leis an mbeart a chur i gcrích.” 24/01/2008


Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.