Gaeltacht Mhaigh Eo marbh Gaeltacht Mhaigh Eo marbh
Aibreán 27 2008
Foinse.ie
“Tá Gaeltachtaí Mhaigh Eo Marbh”. Is mar sin a thosaigh Comhdháil Lae ar an Déardaoin seo caite faoi thodhchaí Ghaeltacht Mhaigh Eo. Máirtín Mac Donnchadha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag obair sa chontae le roinnt blianta a thug an léargas duairc sin. Is é Séamus Mac Philib as Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc an Turlaigh lámh le Caisleán an Bharraigh a d’eagraigh an Chomhdháil “Gaeltachtaí Mhaigh Eo, mar atá agus mar a bheidh”. Deir Mac Philib go bhfuil súil aige gur “tús leis an díospóireacht faoin nGaeltacht sa chontae” é seo agus go n-eagrófar comhdháil eile i gceann de na ceantair Ghaeltachta féin, in Iorras, Tuar Mhic Éadaigh nó in Acaill. Bheadh sé ag súil go ndéanfadh cainteoirí dúchais an chontae cinneadh “comhfhiosach” an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn ina dteaghlaigh féin mar a luaitear sa Staidéar Teangeolaíoch a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh faoi stiúir Chonchúir Uí Ghiollagáin agus Sheosamh Mac Donnchadha. Ag comhdháil na seachtaine seo caite, thug ceathrar cainteoirí léargas gairid ar staid na teanga ina gceantracha féin, agus céard ba mhaith leo a fheiceáil ag tarlú. Bhí idir cheachtanna staire agus súil chun tosaigh i gceist. An t-aon áit i Maigh Eo, de réir anailís Dhonnacha Ó hÉallaithe a foilsíodh ar an nuachtán seo, a choinneodh a stádas iomlán Gaeltachta, Catagóir A, amach anseo ná Ceathrú Thaidhg. Ba é tuairim Mhichíl Uí Sheighin as an gceantar sin go bhfuil gá le asamhlú a dhéanamh ar cad is Gaeltacht ann. “Más é an teanga is cás linn, déan réidh leis na ceantracha Gaeltachta mar is eol dúinn iad mar cheantracha tíreolaíocha agus cuir Réigiúin Teanga ina n-áit a mbeadh an teanga ag déanamh sainmhíniú ar an gceantar,” a deir sé. Maidir le Iorras agus An Eachléim ba é Seán Ó Gallchobhair a labhair agus é den tuairim go ndearna an Staidéar Teangeolaíoch leatrom “orainne san Eachléim mar gheall ar an DED ina bhfuilimid suite. Táimid san dara DED is mó sa Chontae agus san leath ó thuaidh de, níl Gaeilge á labhairt mórán le fada an lá. Tá 80% de dhaltaí na scoile san Eachléim ag fáil deontais faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. Bheinn sásta an ceantar ó thuaidh ó Cholaiste Uisce a bheith tógtha amach as an nGaeltacht agus an ceantar s’againne ó dheas ón gColáiste a bheith san áireamh mar Ghaeltacht.” Dúirt Tomás Ó Máille as Tuar Mhic Éadaigh go bhfuil Oifigeach Forbartha Teanga le ceapadh don cheantar sin agus do Dhúiche Seoigheach agus go bhfuil sé dóchasach go n-éireoidh leo an méid Gaeilge atá fanta san áit a chaomhnú agus cur leis. “Caithfear seans a thabhairt anois do na scéimeanna atá beartaithe san áit. Tá tobar maith Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh fós a deir sé, ach admhaíonn gurb iad an seandream is mó a úsáideann í “ar bhun laethúil”. I gcás Acla is é Seán Ó hÉalaí, iar-chraoltóir le Raidió na Gaeltachta agus iar-Thimire le Conradh na Gaeilge a labhair faoi Acaill. Ag tagairt dó don Staidéar Teangeolaíoch dúirt sé “caithfidh mé a rá nach gcuireann torthaí na suirbhéireachta seo an oiread sin ionadh orm. Is í an mhíorúilt, dar liom, ná go bhfuil blas ar bith Gaeltachta fágtha in aon áit sa chontae seo.” Chríochnaigh Ó hÉalaí le roinnt moltaí ina measc, “go ndéanfadh pobal Acla, idir chléir agus tuath, dianstaidéar ar a bhfuil le léamh san ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthátal agus Moltaí’ agus cinneadh daonlathach a dhéanamh cibé acu an mian nó nach mian leo comhoibriú le Plean Gaeilge Chomhlacht Forbartha Acla Teoranta ar mhaithe lena stádas Gaeltachta a bhaint amach agus a choinneáil. Is léir ón méid a dúradh go bhfuil fonn ar a lán díobh siúd atá ag saothrú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Chontae go mairfeadh sí agus nach bhfuil an tuáille á chaitheamh isteach acu go fóill.
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.