Líon na básanna inseachanta sa 26 NUACHT
Jan 13 2008
Tá Éire luaite i staidéar nua mar an tríú tír is measa ó thaobh líon na mbásanna a d’fhéadfaí a sheachaint ach cóir leighis éifeachtach a bheith curtha ar fáil in am. Dhírigh an staidéar ar 19 dtír thionsclaíoch agus ní raibh chun deiridh ar Éirinn ach an Phortaingéil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. De réir an staidéir, a bhfuil sonraí ina thaobh foilsithe san iris Health Affairs, ba ghalair a bhí inleigheasta ba shiocair le bás 103 duine as gach 100,000 duine in Éirinn sna blianta 2002-2003.
Deir an staidéar go bhféadfaí os cionn 100,000 bás a sheachaint gach bliain i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír ba mheasa sa staidéar (110 bás as 100,000 duine), dá mbeadh an córas ann chomh maith leis na tíortha is fearr a chruthaigh sa staidéar. Ciallaíonn sin go bhféadfaí isteach is amach ar 1,500 bás a sheachaint sa tír seo dá mba ionann an scéal in Éirinn agus na tíortha ag barr an tábla. San Fhrainc, an tír ab fhearr a chruthaigh sa staidéar nua, as 100,000 duine ní bhfuair ach 65 bás ó ghalair inleigheasta. Sa dara háit bhí an tSeapáin agus an Astráil (71 bás ceal soláthar cuí leighis). Ina dhiaidh sin bhí, an Iodáil, Ceanada, an Iorua, an Ísiltír, an tSualainn, an Ghréig, an Ostair, an Ghearmáin, an Fhionlainn, an Nua-Shéalainn, an Danmhairig agus an Bhreatain.
Thíos ag bun an liosta ar fad bhí Éire, an Phortaingéil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá feabhas beag tagtha ar chás na hÉireann ó deineadh a leithéid de staidéar go deireanach. Don bhliain 1997-98, bhí Éire ar bhun an liosta agus 140 bás (as 100,000 duine) ann a d’fhéadfaí a sheachaint. Ba iad na taighdeoirí Ellen Nolte and Martin McKee ón London School of Hygiene and Tropical Medicine a rinne an staidéar.
Maíonn siad gur léargas maith atá ann ar conas atá ag éirí le córais sláinte na dtíortha éagsúla. Thug an tUas. Nolte le fios go raibh na Stáit Aontaithe ag bun an tábla mar nach raibh árachas sláinte ag 47 milliún duine i SAM, as daonra 300m. San áireamh sa staidéar bhí básanna dhaoine faoi 75 bliana d’aois ó ghalair éagsúla, ina measc an galar croí, an stróc, infhabhtuithe baictéaracha, cineálacha áirithe ailse agus fadhbanna a bhain le gnáthaimh máinliachta chomónta.
Cael- 01-18-2008
It can hardly be considered a coincidence that the 26 are named as the 3rd Economically Free state in the world, and also the state with the 3rd highest number of people dying of preventable disease. In reality economic freedom for the neo=cons means the freedom of the rich to abuse the poor.
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.