Praghas na hImní Praghas na himní
Márta 23 2008
Scéal, i dtosach. A d'inis fear a chuireann comhairle airgeadais ar dhaoine saibhre. Daoine a bhfuil maoin den uile chineál acu. Scaireanna, bannaí rialtais, airgead i dtaisce, tithe, árasáin agus talamh, sa tír seo agus thar lear. Daoine, má bhíonn comhrá agat leo, ar léir duit faoi cheann achair bhig go bhfuil difríocht mhór amháin eatarthu agus gnáthdhaoine, taobh amuigh dá saibhreas. Bíonn siad ag smaoineamh go minic ar chúrsaí airgid. Gach lá beagnach. Ní dhéanann siad neamhshuim de ghnáthchúrsaí an tsaoil: a muintir, a gcairde, a naimhde, a gcuid oibre, caitheamh aimsire, agus bás. Smaoiníonn siad ar cheisteanna suaracha chomh maith. An dtiocfaidh scéal ón bhfiosrú pleanála sa chaisleán, mar shampla, a bheas chomh seafóideach nach mbeidh aon dul as ag Fianna Fáil ach Bertie Ahern a dhíbirt. Gan trácht ar chruacheisteanna móra fealsúnachta ár linne. Cén fáth, mar shampla, nár bhuaigh peileadóirí breátha Mhaigh Eo craobh peile na hÉireann ó 1951? Tuigeann daoine saibhre, dar le mo dhuine, nach méadóidh do stór mura gcuimhníonn tú go rialta ar do mhaoin agus ar a riaradh. Conas é a choinneáil agus conas é a mhéadú. Agus conas méadú níos mó a aimsiú ná an méadú atá beartaithe faoi láthair. Ach ní ar chuinniú stóir ach ar chailliúint atá na daoine saibhre seo ag teacht chun cainte leis an saineolaí seo le tamall. Tá siad imníoch, a deir sé. Ní mar gheall ar a scaireanna amháin, ach mar gheall ar an airgead atá i dtaisce acu i mbainc na h-Éireann. Tá cuid acu ag fiafraí de le tamall ar chóir dóibh an t-airgead a scaipeadh, in áit é a choinneáil in aon bhanc amháin. Níl aon chúis chinnte imní acu fós. Ach nárbh fhearr roinnt a choimeád i mBanc na hÉireann, a deir siad leis, agus coda eile a chur in AIB, i mBanc Uladh, nó i mBanc na hAlban/na hÉireann? Ar fhaitíos na bhfaitíos? Níl seift dá leithéid molta ag mo dhuine fós, ach admhaíonn sé gur thug na ceisteanna ábhar machnaimh dó. Má tá milliúnaithe na tíre éirithe chomh neirbhíseach nach bhfuil siad lán-mhuiníneach níos mó as bainc na hÉireann, ní foláir scata ceisteanna a mheá arís? 1. Cén dochar a dhéanfaidh an ghéarchéim reatha airgeadais sara maolóidh sí? 2. Cén tionchar a bheas ag lagú na stocmhalartán agus na gcomhlachtaí airgeadais sna Stáit Aontaithe ar thíortha eile? 3. Má chliseann ar mhuinín idir na bainc agus/nó comhlachtaí airgeadais eile san Eoraip nó sa tír seo. mar a tharla cheana féin i Meiriceá, agus má dhiúltaíonn siad airgead a thabhairt ar iasacht dá chéile, nach dtitfidh an tóin as an saol eacnamaíochta i gcoitinne? 4. Ar feadh tamaill, ar a laghad? 5. Agus nach mó an dochar a dhéanfaidh cúlú muiníne dá leithéid i dtíortha beaga cosúil leis an tír seo? 6. Agus nach mó go háirithe an dochar a dhéanfaidh sé i dtíortha atá i bhfad ró-spleách ar thógáil tithe agus ar phraghsanna craiceáilte tithe, cosúil leis an tír seo? 7. Cé chomh mór atá an infheistíocht a rinne bainc agus comhlachtaí eile san Eoraip, agus in Éirinn go háirithe, i gcomhlachtaí contúirteacha nó i dtáirgí contúirteacha airgeadais thall? 8. An bhfuil an fhírinne iomlán á hinseacht acu faoin infheistiocht sin? 9. An eol dóibh an fhírinne iomlán? 10. Nó an dtiocfar ar mhacasamhail Jérôme Kerviel (an trádálaí i Société Générale na Fraince a cuireadh ar fionraí tar éis dó €4.9bn a chur amú, a deirtear) i mbanc nó i gcomhlacht stocbhrócaeireachta eile, sa tír seo, abair? D’eisigh an Rialtóir Airgeadais ráiteas i mBaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin arbh é a phríomh-aidhm daoine a chur ar a suaimhneas. Bhí ráflaí nach raibh fíor ná ceart á scaipeadh, a dúirt sé, a raibh baint acu le trádáil neamhghnách i scaireanna Éireannacha. D’fhógair stiúrthóir stuamachta (ba chóir go mbeadh a leithéid i ngach comhlacht) an Rialtóra, Con Horan go raibh idirbhirt áirithe á scrúdú aige, i gcomhar le húdarás seirbhísí airgeadais na Breataine. Dar leis go mbeadh na rialacha a bhaineann le mí-úsáid an mhargaidh sáraithe ag duine ar bith a scaip ráflaí nach raibh fíor fad a bhí a leas á bhaint as na ráflaí sin acu chun dul i mbun trádála. Gheall sé go rachfaí sa tóir ar dhuine ar bith a bhí ciontach ina leithéid. Chuaigh an ráiteas chun tairbhe láithreach do bhainc na hÉireann. D’ardaigh praghas a scaireanna beagnach ar an toirt. Ach chuir an ráiteas i gcuimhne dúinn go bhfuil géarchéim airgeadais fós ag bagairt, agus nach féidir a bheith cinnte in aon chor nach gcuirfidh sé as do chomhlachtaí ná do mhuintir na tíre seo. Níl an ghéarchéim ag cur imní ar mhórán go fóill sa tír seo. Is eol dúinn go bhfuil an ráta fáis ag laghdú. Ardú 1.6 faoin gcéad i mbliana atá á thuar anois ag an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, ach tá a ráta fáis á ísliú go leanúnach acu le tamall, mar atá ag na saineolaithe go léir. Ach ar chúis éigin, tá súil ag ár mbunáite nach ndéanfaidh an cúlú atá romhainn aon díobháil bhunúsach. Beidh orainn go léir, a shíltear, srian a chur ar chaiteachas, agus an rialtas san áireamh. Ach beidh cúrsaí i gceart arís an bhliain seo chugainn, nó an bhliain dár gcionn ar a dheireanaí. Níl meath tagtha ar ár ndóchas, agus níl duine ar bith sa rialtas ag cur ina luí orainn nach bhfuil bunsraith stuama faoinár ndóchas. Má bhíonn an t-ádh orainn, beidh an scéal amhlaidh. Ach mura mbíonn? Féach ar tharla i gcás Northern Rock na Breataine le gairid. Ní raibh aon dul as ag Rialtas na Breataine ach an banc a cheannach nuair a bhain infheistíocht mhístuama ar mhargadh na Stát Aontaithe an bonn de. Go dtí seo, tá £55bn sterling curtha ar fáil ag rialtas na Breataine do ‘Northern Wreck’ (mar a thugann muintir Newcastle ar an mbanc na laethanta seo), ionas nach gclisfí air. Arís, féach a ndearna an Federal Reserve, banc ceannais na Stát Aontaithe, nuair a theip ar bhanc infheistíochta Bear Sterns seachtain ó shin. Chuir an ‘Fed’ $30bn ar fáil d’fhonn gnó an bhainc a choinneáil ar snámh. Ba chóir dom a rá láithreach nach eol dom aon chúis láidir imní go bhfuil banc nó comhlacht mór airgeadais sa tír seo sa riocht céanna le Northern Rock nó Bear Sterns. Ach, mar a léiríonn an scéal thuas, tá daoine atá i bhfad níos eolaí ná mise maidir le cúrsaí airgeadais aireach. Agus tá rud amháin cinnte. Má tá banc nó institiúid airgeadais abhus curtha i mbaol de dheasca místuamachta de chineál ar bith, beidh orainn íoc as. Bímid ag caint go minic ar na polasaithe nó ar na roghanna místuama a dhéanann polaiteoirí. Ach is mó go mór an díobháil a dhéanann na daoine atá freagrach as na billiúin a chuirimid i dtaisce nó lena gceannaímid scaireanna. Ní thoghtar iad. De ghnáth, ní chuirtear as oifig iad. uaireanta, go fíor-annamh, cuirtear duine i bpríosún, mar a tharla i gcás Nick Leeson. Ach ní hionann príosúnacht agus cúiteamh. Ní chuirtear iachall ar na daoine seo ach oiread dul os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí, chun cur amú airgid a mhíniú. Áitíonn a gcomhghleacaithe ar gach rialtas gan cur isteach ar an earnáil phríobháideach. Gan riail ná dleacht ná athrú cánach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh “ár” gcumas eacnamaíochta i mbaol. Bíonn an saormhargadh agus saorfhiontraíocht á síor-mholadh acu. Go dtí go dteipeann ar leithéid Northern Rock nó Bear Sterns. Láithreach, ní bhíonn aon dul as ag rialtais ach teacht i gcabhair ar an gcomhlacht atá i gcontúirt. Ar fhaitíos go gclisfeadh ar an margadh iomlán, nó ar mhuinín an phobail, nó ar luach na scaireanna ar a bhfuil rath na tíre ag brath. Cibé damáiste a dhéanfar, is ar an rialtas agus ar an bpobal a thitfidh an praghas iomlán beagnach a theastóidh chun é a leigheas. Is ar an rialtas a thitfidh an fhreagracht teacht i gcabhair ar dhaoine a ndéanfar díluacháil as cuimse ar a bpinsin mar gheall ar an gcúlú atá feicthe cheana féin. Is ón airgead a bheadh ar fáil i ngach tír chun scoileanna, ospidéil agus seirbhísí poiblí den uile chineál a fheabhsú a thiocfaidh an t-airgead a theastóidh leis an gcóras mífhreagrach airgeadais a choinneáil slán. Cá bhfuil an teachta Joe Higgins nuair a theastaíonn sé? Is iriseoir é Cathal Mac Coille ar fhoireann nuachta RTE.
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.