Ríméad faoi Ghaelú scoile Ríméad faoi Ghaelú scoile
Colm Ó Broin
Tá ríméad léirithe ag cathaoirleach coiste bainistíochta scoil bheag tuaithe i Maigh Eo leis an nGaelú atá déanta ar an scoil ó mhí Meán Fómhair seo caite i leith.
Bheartaigh lucht Scoil an Ghleanna Mhóir, atá lonnaithe cúig mhíle ó thuaidh de Chrois Mhaoilíona, bheartaigh siad teanga theagaisc na scoile a athrú ó Bhéarla go Gaeilge ag tús na scoilbhliana agus tá siad ag súil le haitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais mar scoil lán-Ghaelach ag deireadh na bliana.
Tá 16 dalta agus beirt mhúinteoirí sa scoil.
Tá teagmháil déanta ag bunscoil eile le príomhoide na scoile cheana féin ag lorg eolais faoin mbealach ar aistrigh an scoil ó Bhéarla go Gaeilge, agus scoil i gContae Laoise a rinne amhlaidh i rith na 1990í, rinne sí éacht Scoil an Ghleanna Mhóir a thréaslú léi.
Ag caint di le Lá Nua, dúirt Cathaoirleach an choiste bainistíochta, Rose Gill, go raibh ríméad ar na tuistí agus ar na daltaí araon.
“Tá na páistí ar bís leis an athrú agus tá buzz iontach sa cheantar dá bharr,” ar sise.
“Fuair muid príomhoide nua, dhá bhliana ó shin, Dáibhí Mac Cathmhaoil, agus leag sé an-bhéim ar an nGaeilge sa scoil.
“Thosaigh roinnt de na páistí ag labhairt Gaeilge agus iad sa bhaile dá thairbhe seo agus ansin, chuaigh cúpla tuismitheoir chuig Dáibhí ag fiafraí arbh fhéidir stádas Gaelscoile a bhaint amach.
“Cuireadh an moladh os comhair na dtuismitheoirí, an bhoird bhainistíochta agus an phátrúin agus thacaigh siad ar fad leis,” ar sise.
Beartaíodh teanga theagaisc na scoile a athrú ag tús na scoilbhliana agus tá ag éirí go seoigh leis na daltaí, de réir Bhean Gill agus an Uasail Mhic Cathmhaoil.
“Ní raibh sé chomh héasca ar na daltaí i rang a cúig agus rang a sé is a bhí sé ar na daltaí sna bunranganna, ach d’éirigh go han-mhaith leo ar fad,” arsa Mac Cathmhaoil, arb as Droichead Átha ó dhúchas dó.
Thréaslaigh Liam Ó Néill, príomhoide Ghaelscoil Thromaire i gContae Laoise, scoil bheag tuaithe eile a Gaelaíodh i rith na 1990í, thréaslaigh sé na hathruithe le Scoil an Ghleanna Mhóir agus dúirt go bhféadfadh go leor scoileanna eile ar fud na tíre an rud céanna a dhéanamh.
Chuir Gaelscoileanna Teo fáilte roimh threo nua na scoile chomh maith.
03/04/2008
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.