View Full Version: Roinn Oideachais cáinte go géar ag an gCoimisinéir Teanga

admin2 >>Gaeilge and Culture >>Roinn Oideachais cáinte go géar ag an gCoimisinéir Teanga


Cael- 04-16-2008
Roinn Oideachais cáinte go géar ag an gCoimisinéir Teanga
Roinn cáinte Aibreán 13 2008 Tá an Roinn Oideachais cáinte go géar ag an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin as gan an “fíorphictiúr” a thabhairt dó ag tús a fhiosrúcháin maidir le teip na Roinne cóipeanna Gaeilge d’fhoilsiúcháin thábhachtacha a chur ar fáil. Ba chúis díomá don Choimisinéir “go háirithe i bhfianaise an bhunúis reachtúil a bhí leis an imscrúdú” an easpa soiléireachta agus trédhearcachta a bhain le cur chuige na Roinne maidir le soláthar eolais agus freagraí i dtús ama. Nuair a deineadh gearán le hoifig an Choimisinéara maidir leis an scéal seo scríobh sé chuig an Roinn ag lorg eolais, ach ní mó ná sásta a bhí sé leis an bhfreagra a fuair sé uathu ar an 7 Lúnasa 2007. “Níor leor an t-eolas a chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar fáil sa chéad fhreagra uathu ar an 7 Lúnasa 2007 don imscrúdú agus bhí amhras orm faoi chuid den eolas sin. Mar shampla, thug an Roinn le tuiscint go raibh formhór na siollabas i gcló i nGaeilge. Chomh maith leis sin d’fhéadfaí an tuiscint a bhaint as an méid a dúradh go raibh fáil ar an leagan Gaeilge de “Rules and Programmes for Secondary Schools,” a deir an Coimisinéir ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh an tseachtain seo caite. Ba í fírinne an scéil, mar a fuair an Coimisinéir amach ar an 3 Méan Fomhair 2007 i ndiaidh dó tuilleadh ceisteanna a chur, ná gur foilsíodh 6 eagrán ar leith i mBéarla de “Rules and Programmes for Secondary Schools” (1998, 1999, 2000, 2001, 2002 agus 2004) cé nár foilsíodh aon eagrán i nGaeilge ón mbliain 1991. Cé gur thug an Roinn le tuiscint ina gcéad fhreagra go raibh formhór na siollabas i gcló i nGaeilge fuair an Coimisinéir amach ina dhiaidh sin nach raibh fáil ar leagan Gaeilge de 19 den 32 siollabas a foilsíodh don Ardteistiméireacht (na hábhair scrúdaithe Béarla agus Gaeilge féin as an áireamh). Don Ardteistiméireacht agus don Teastas Sóisearach ní raibh cóip chrua den siollabas trí Ghaeilge ar fáil i 27 ábhar agus ní raibh cóipeanna leictreonacha ar fáil trí Ghaeilge do 42 ábhar. Níor ghlac an Roinn gur gá don Aire gach seirbhís taca a sholáthar trí Ghaeilge faoi Airteagal 7(4) den Acht Oideachais 1998 agus ba é croí na hargóna acu ná go bhfuil “discréid réasúnach” ag an Aire agus í ag comhlíonadh a feidhmeanna agus ag déanamh breithiúnais maidir le soláthrú a dhéanamh ar aon seirbhís taca. Chinn an Coimisinéir Teanga go raibh an reachtaíocht sáraithe ag an Roinn sa chás seo agus bhréagnaigh sé seasamh na Roinne. Ina thuarascáil don bhliain 2007 fiafraíonn sé, an raibh sé “réasúnach” nach bhfoilseofaí leagan Gaeilge den doiciméad “Rules and Programmes for Secondary Schools” ar feadh 16 bliana cé go raibh eagráin nua á bhfoilsiú go rialta i mBéarla. Deir an Coimisinéir nach raibh aon “débhríocht”, mar a mhaígh an Roinn, maidir leis an oibleagáid a chuir an reachtaíocht ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta sa chás seo. Bhí an oibleagáid sin ríshoiléir, a dúirt an Coimisinéir.


Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.