View Full Version: RUC/PSNI faoi néal

admin2 >>Gaeilge and Culture >>RUC/PSNI faoi néal


Cael- 01-28-2008
RUC/PSNI faoi néal
Faoinse Eanair 20, 2008. Ní haon mhaise orthu an chaoi a láimhseáil siad an t-ansmacht ar Bhóthar na Seanchille gan trácht ar an gcaoi a láimhseáil siad mí-iompar chuid dá gcomhaltaí féin. Tharla an taispeántas paraimíleatach seo tráth a raibh an PSNI á cheistiú mar nár briseadh banchonstábla as a post cé gur ciontaíodh í as tiomáint is í ar meisce. Mar bharr ar an donas ba shamhailchomhartha ar fheachtas frithólacháin an PSNI í an constábla ó bhí sí ina réalt i bhfógra teilifíse in aghaidh thiomáint faoi thionchar alcóil. Níl a fhios againn cad iad na coinníollacha sonracha a bhain le cás na mná ach chinn an-chuid daoine go raibh rialacha leithleacha ag an PSNI ar mhaithe leo féin; dá mba mhúinteoir a ciontaíodh as drochíde ar pháiste í bheadh sí briste as a post, gan achomharc, a dúradar. Baineadh siar as daoine chomh maith nuair a fuarthas amach go raibh beirt phóilín fós i mbun a gcuid dualgaisí cé go raibh siad á bhfiosrú ag an Ombudsman faoi bhréagfhianaise a thabhairt i gcás cúirte na hÓmaí. Nuair a rinne an Breitheamh Reg Weir cáineadh feanntach ar an mbeirt roimh Nollaig ceistíodh an Príomh Chonstábla faoi cad a bhí déanta aigesean. Dúirt Hugh Orde nár chuir sé ar fionrai iad mar nár mhol Ombudsman na bPóilíní go ndéanfaí sin. Is mór idir sin agus gach earnáil eile, go háirithe i bhfianaise chom tromchúiseach is a bhí an cás agus cáineadh an bhreithimh. Fógraíodh ar an Déardaoin beag seo go raibh duine den bheirt phóilín ‘aistrithe’ chuig dualgaisi eile anois ar mholadh ón Ombudsman agus go raibh fiosrú an Ombudsman á leathnú chun iompar oifigigh eile a scrúdú. Ina bhreithiúnas ar chás Seán Hoey a frítheadh neamhchiontach as sé chion agus caoga i dtaca le buamáil na hÓmaí, dúirt an Breitheamh Weir go ndearna beirt phóilín iarracht “réamhbheartaithe, in aonturas chun dallamullóg a chur ar an gcúirt”. Léiríodh sa chúirt go raibh cuntas na beirte míchruinn faoi conas a bailíodh fianaise agus bliain ó shin d’iarr an Breitheamh ar Ombudsman na bPóilíní iompar na beirte a scrúdú. Chinn an Breitheamh gurb é éifeacht an mhíchruinnis nach bhféadfadh sé muinín a bheith aige in aon chuid dá bhfianaise. Chinn sé freisin go mb’fhéidir gur imir comhaltaí seachas an bheirt sin ról san gcam-iarracht; seans, a dúirt sé, gur fhéach daoine eile a raibh baint acu le fiosrú agus ullmhú an cháis leis an bhfianiase ‘a neartú’. Ba mhaise ar an tseirbhís chúirte é breithiúnas an Bhreithimh Weir, fear a bhfuil cáil an neamhspleáchais air le fada. B’údar uchtaigh é nach nglacfadh breitheamh ardchúirte le fianaise liopastach, gan bhunús ceart ach ba bhuille trom é dá lán. Ba iad íobartaigh na hÓmaí ba mhó a d’fhulaing, ar ndóigh mar nár ciontaíodh éinne as an uafás. Meastar anois nach gciontófar éinne choíche as sléacht na hÓmaí inar maraíodh naoi nduine is fiche agus cúpla gan bhreith; gortaíodh na céadta freisin in ionsaí buamála an Fhíor IRA ar an mbaile ar an gcúigiú lá déag Lúnasa 1998. Sonc do na húdaráis abea an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh agus fógra faire faoi riar na córa. Thug an Príomh Chonstábla le fios i ndiaidh an bhreithiúnais go scrúdódh an PSNI gach a ndúirt an Breitheamh. Dúirt sé áfach go ndearna an PSNI a ndícheall leis an bhfianaise a bailíodh deich mbliana ó shin. Rinne siad tréaniarracht ach bhí cosán na fianaise lochtach, a dúirt sé. I bhfocail eile, is ar an RUC a bhí an locht. Ach chaithfeadh sé gur scrúdaigh foireann an PSNI an fhianaise a bhíodar a chur os comhair na cúirte. Ar ghlacadar leis gan cheist An ndearna siad aon bhreithiúnas ar an ábhar Nó an raibh siad ag iarraidh na lochtanna a cheilt Ní leor a bhfuil déanta go fóill chun a chur ina luí ar an bpobal nach mbeadh an PSNI chomh héagumasach ná chomh lochtach is a bhí an RUC i leith fhiosrú na hÓmaí. B’údar imní é freagairt na seirbhíse póilíneachta don méid a fuarthas amach faoi bhréagfhianaise chomhaltaí i gcás Hoey i leith na hÓmaí agus don méid a dúirt an breitheamh. Ní mór dóibh a chruthú go gcinnteoidís nach dtarlódh a leithéid arís. Ní mór freisin a léiriú nach gcuirfi suas le barbarthacht mar a tharla sa tSeanchill.


Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.