Tacaíocht INTO don chóras tumoideachais Tacaíocht INTO don chóras tumoideachais
Márta 30 2008
Is é an tumoideachas an modh oideachais is fearr, ní amháin do dhaltaí Gaeilge ach do mhúinteoirí Gaeilge, dar le Angela Dunne, Uachtarán Chumann Bhunmhúinteoirí na hÉireann, a dúirt ag comhdháíl an INTO an tseachtain seo caite go raibh níos mó déanta ar son na Gaeilge le tamall anuas ag an bhfear grinn Des Bishop ná mar a bhí déanta ag an an Aire Mary Hanafin. Ag labhairt di le Foinse ó Chomhdháíl an INTO an tseachtain seo caite, dúirt Angela Dunne gur cheart an ciorclán conspóideach a d’eisigh an tAire Oideachais maidir leis an tumoideachas a tharraingt siar go dtí go ndéantar taighde ceart in Éirinn maidir le héifeacht an tumoideachais sna Gaelscoileanna. Maidir le tuarscáil Choimisiún na hEorpa agus na Roinne Oideachais a léirigh go bhfuil a lán múinteoirí den tuairim nach bhfuil dóthain Gaeilge acu chun í a mhúineadh i gceart, dúirt Angela Dunne gur chóir go mbeadh tréimhse tumoideachais míosa nó dhá mhí sa Ghaeltacht riachtanach d’ábhair múinteóirí. Ba mhaith léi freisin deontas a bheith ar fáil a thapódh deis athoiliúna do mhúinteóirí sinsearacha atá amhrasach faoina gcaighdeán Gaeilge. ó lch 1 Bheadh impleachtaí airgid ag an moltaí seo ach deir sí “mura bhfuil buiséad ar fáil dó anois beidh sé ró-dhéanach go luath” Dúirt sí go raibh an INTO ar son an tumoideachais mar a chleactaítear é in an-chuid Gaelscoileanna ar fud na tíre, ach a bhfuil a thodhchaí mar mhodh teagaisc ag brath ar conas a éireoidh leis an gcás cúirte atá á thógáil i gcoinne ordú chiorclán an Aire. “Creidim féin agus an cumann go láidir san gcóras tumoideachais agus b’ábhar mór díomá gur eisigh an tAire ciorclán ag cur i gcoinne an luath-thumoideachas i nGaelscoileanna,” a dúirt Angela Dunne le Foinse. Tá sé ráite ag an Aire leis an nuachtán seo cheana nach mbíonn caighdeán sásúil Béarla ag daltaí i nGaelscoileanna ina gcleachtaítear an tumoideachais agus gurb é sin faoi ndear an ciorclán, ach ní chreideann Angela Dunne an méid sin. “Táimid ag brath go hiomlán ar thaighde idirnáisiúnta sa réimse seo agus iarraim ar an Aire taighde ceart baile a thiomsú agus an Ciorclán a aistarraingt go dtí go mbeidh torthaí cearta ar fáil maidir le héifeacht an tumoideachais.” Níl an tAire Oideachais ag déanamh aon ní le baint de bhuairt ná d’fhadhbanna mhúinteoirí Gaeilge, a deir Angela Dunne. “Spreagadh muide le ceol, cultúr agus amhráin ar nós Labhair an Teanga Ghaeilge Liom. Tá líne ann ‘is bain dem’ chroí an brón’. Sílim go bhfuil an gríosadh dearfach atá tugtha ag leithéidí Des Bishop tábhachtach agus sin an fáth gur dhúras agus mé ag cur clabhsúr le mo thréimhse mar Uachtarán ar an gCumann ‘tá i bhfad níos mó déanta ag Des Bishop don Ghaeilge ná mar atá ag an Aire Oideachais’. Is i gcomhthéacs an tumoideachais a bhíos ag labhairt mar sílim nach ag baint brón de chroíthe mhúinteoirí na nGaelscoileanna a bhí Mary Hanafin ach ag cur leis,” a dúirt Angela Dunne le Foinse. Cuireadh fáilte roimh Mary Hanafin ag an gComhdháil Bhliantúil, dar leis an iar-Uachtarán, ach ní raibh an fháilte chomh croíúil nó an bualadh bos chomh fial le blianta eile. “B’éigean don Aire suí ansin agus John Carr agus daoine eile ag léiriú go rabhamar míshásta faoin a lán nithe, líon na ndaltaí sna ranganna, drochbhail ar fhoirgintí agus ceist an tumoideachais. Ba léir di go raibh an 1,000 comhalta nó níos mó a bhí i láthair ag tacú leis na gearain faoi chiorruithe agus geallúintí briste. “Ceistím i gcónaí cén fáth gur i réimse an Oideachais a thosaíonn ciorruithe agus conas go mbíonn an oiread sin geallúintí briste. An toisc nach bhfuil guth ag na daltaí? Caithfidh múinteoirí, tuismitheoirí agus Boird Bainistíochta a bheith ina n-urlabhraithe acu. Ba Chomhdháil an-mhaith ceann na bliana seo ach d’fhág na comhaltaí an láthair agus fearg orthu faoi na ciorruithe agus na geallúintí briste.” Tá gá freisin a deir sí le leabhra agus áiseanna múinteoireachta don teanga. Maidir le ceist an líon mór daltaí atá ag fáil díolúine ó staidéar na Gaeilge sa mheánscoil ach atá ag foghlaim teangacha eile, dúírt sí: “Níl a fhios agam go bhfuil mí-úsáid á baint as ach ní féidir liom a thuiscint conas gur féidir leo díolúine a fháil maidir le Gaeilge sa bhunscoil ach gur féidir leis na páistí sin dul ar aghaidh agus teanga eachtrannach a fhoghlaim sa mheánscoil. Téann a lán acusan ar aghaidh fresin go dti an tríú leibhéal.” } ní féidir liom a thuiscint conas gur féidir leo díolúine a fháil maidir le Gaeilge sa bhunscoil ach gur féidir leis na páistí sin dul ar aghaidh agus teanga eachtrannach a fhoghlaim sa mheánscoil ~ an tAire
Forumer™ is Voted #1 Free Forum Hosting provider
Build your own community today with the largest message board hosting company.